
Forbairt Chónaithe ar Shuíomh Iosta Gulistan, Ráth Maonais – Comhairliúchán Pleanála Cuid 8
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú)
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) - Cuid 8
Iarratasóir: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Seirbhísí Tithíochta agus Pobail i gcomhpháirtíocht le Clúid Housing (Comhlacht Ceadaithe Tithíochta).
Ionad: Íosta Gulistan, Ardán Gulistan, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, DO6 E6C1 suite taobh thiar d’Ionad Siopadóireachta Swan agus Coláiste Ráth Maonais/iar-Halla an Bhaile. Ionad Bainistíochta Dramhaíola de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus áitreabh BSL atá imithe i léig atá sa suíomh. Faightear rochtain ar an suíomh trí Ardán Gulistan agus baineann achar suíomh tomhaiste 0.925 Ha leis. Timpeall ar imeall an tsuímh tá Ardán Fhiodh an Chaisleáin ó dheas, cúl Iostáin Gulistan ar an taobh thoir, Ionad Siopadóireachta an Swan (agus clós seachadta) ar an taobh thiar agus tailte eile de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó thuaidh a bheidh ina suíomh forbartha le haghaidh Ionad Cúraim Phríomhúil FSS.
Togra: Moltar leis an iarratas go bhforbrófar 153 aonad cónaithe in 2 bhloc cónaithe agus athchóiriú beartaithe ar fhoirgneamh atá ann cheana féin ar mhaithe le húsáid an phobail:
- I mBloc A beidh bloc tithíochta cónaithe 5 - 7 stór, 95 aonad (63 1 leapa & 32 2 leaba)
- I mBloc B beidh bloc tithíochta cónaithe 4 - 5 stór, 58 aonad (53 1 leaba & 5 2 leaba)
Áiritear leis an togra athchóiriú ar fhoirgneamh cloiche atá ann cheana féin ar mhaithe le húsáid an phobail, rud a sholáthróidh foirgneamh ath-shaintógtha solúbtha 137 sqm. 12,242 sqm is ea achar úrláir comhlán gach gné tógtha atá beartaithe.
Cuirtear an fhorbairt bheartaithe i láthair mar fhorbairt atá dírithe ar choisithe agus nascacht láidir coisithe ann le Bóthar Ráth Maonais agus le hIostáin Gulistan trí Ardán Gulistan, Ardán Fhiodh an Chaisleáin ó dheas Cnoc Pháircéir ó thuaidh.
Beidh spásanna láidre uirbeacha, sráid nua idir an dá ghné tógtha cónaithe ar ais thuaidh-theas, cearnóg phoiblí bheartaithe (1,403 sqm) ann mar chomhéadan idir an foirgneamh pobail agus chun feidhmiú mar spás oscailte lárnaithe nasctha idir an t-ionad cúraim phríomhúil atá beartaithe ina aice láimhe agus Bóthar Ráth Maonais. Leis an bhforbairt bheartaithe, soláthraítear go cuimsitheach spásanna oscailte pobail (1,088 sqm) agus cuirtear plean tírdhreacha chrua agus bhoig i láthair léi lena n-áirítear cóireálacha dromchla agus teorann.
Soláthraítear leis an ionad rochtain d’fheithiclí seirbhíse, dhá spás tuirlingthe (spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas atá i gceann acu) agus spás comhroinnte carranna atá sa cheann eile. Tá páirceáil do rothair i stóras slán iata (177 spás) agus seastán rothar oscailte (66). Soláthraítear clós stórála boscaí bruscair agus comhtháthaítear iad sna loirg thógtha ábhartha de Bhloc A, B agus foirgneamh ar mhaithe le húsáid an phobail. Cuimsíonn an fhorbairt bheartaithe gach seirbhís suímh choimhdeach eile faoi thalamh agus os cionn talún.
3 seachtainí fágtha
