Léim go dtí an príomhábhar

NOTICE OF PROPOSED TREE PRESERVATION ORDER AT KENILWORTH SQUARE, DUBLIN 6. PLANNING AND DEVELOPMENT ACT 2000 (AS AMENDED).

FÓGRA MAIDIR LE hORDÚ CAOMHNÚ CRANN ATÁ BEARTAITHE AG KENILWORTH SQUARE, BAILE ÁTHA CLIATH 6

AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000 (ARNA LEASÚ)

Tugtar leis seo fógra go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ina cáil mar údarás pleanála, Ordú um Chaomhnú Crann a dhéanamh chun 54 crann i gCearnóg Kenilworth, Baile Átha Cliath 6, a chaomhnú, de réir Alt 205 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú.

Tá an tOrdú um Chaomhnú Crann á dhéanamh chun áilleacht amhairc agus luach comhshaoil na cearnóige a chosaint agus a chaomhnú. Cuireann na crainn lánfhásta seo go mór le hoidhreacht, le háilleacht agus le carachtar sainiúil Chearnóg Kenilworth.

Toirmisctear leis an Ordú um Chaomhnú Crann aon chrann dá mbaineann an tOrdú um Chaomhnú Crann a leagan, a bharradh, a bhearradh ná a scriosadh d’aon ghnó.

Féadfar breathnú ar chóip den Ordú atá beartaithe agus ar léarscáil ina léirítear na 54 crann ón 9 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 4 Nollaig 2026, an dá dháta sin san áireamh, ag na suíomhanna seo a leanas.

• Ar líne ag: https://engage.dublincity.ie/

agus

• Ag Oifigí Cathartha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Cuntar Pleanála Poiblí, Urlár na Talún, Bloc 4, an Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08RF3F, le linn uaireanta oscailte poiblí, ó Luan go hAoine idir 9.00r.n. agus 4.30i.n. (seachas laethanta saoire bainc).

Is féidir aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an Ordú atá beartaithe a dhéanamh chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar líne ag: https://consult.dublincity.ie/ nó scríofa/ríomhphost chuig:

Ludovic Beaumont. Oifigeach Crann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,

Seirbhísí Páirceanna, Bithéagsúlachta agus Tírdhreacha,

Seirbhísí Cultúir, Pobail, Fóillíochta agus Ceantair,

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,

Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8.

Ludovic.beaumont@dublincity.ie

tráth nach déanaí ná 4.30 i.n. an 4 Nollaig 2026. Cuirfidh an tÚdarás Pleanála san áireamh aon aighneachtaí nó barúlacha a gheofar ar a dhéanaí faoi 4.30 i.n. an 4 Nollaig 2026.

Is próiseas oscailte poiblí é an próiseas pleanála agus, sa chomhthéacs sin, cuirtear gach doiciméad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.Foilseofar gach aighneacht agus barúlacha ar líne, ach ní fhoilseofar do sheoladh. Tá tú freagrach as a chinntiú nach n-áirítear aon fhaisnéis chráiteach, aithiseach ná rúnda, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le tríú páirtí (i gcás nach bhfuil toiliú tugtha ag an tríú páirtí, go sainráite nó go hintuigthe sna tosca, lena nochtadh) i do haighneacht nó i do bharúil, ná in aon chuid díobh. Forchoimeádann an tÚdarás Pleanála an ceart chuig aon aighneacht nó barúil nach gcomhlíonann an ceanglas seo a folú trí ábhar a bhaint as.

Beidh aon duine a sháróidh Ordú den sórt sin, nó an tOrdú atá beartaithe fad atá cinneadh an Údaráis Phleanála ar feitheamh faoi Alt 205 den Acht sin, ciontach i gcion.


Tá tú ag féachaint ar shonraí fíor-ama. Déantar comhaireamh na rannpháirtithe a nuashonrú go leanúnach do riarthóirí. Tabhair faoi deara go bhfeiceann úsáideoirí rialta sonraí taisceáilte, rud a d’fhéadfadh difríochtaí beaga a bheith sna huimhreacha.
8 rannpháirtithe

Céimeanna

Forbhreathnú ar na céimeanna

Make a Submission

9 Deireadh Fómhair 2026 11:00 PM - 4 Nollaig 2026 11:59 PM

To provide a submission or observation regarding the proposed Tree Preservation Orders, click the 'Make a Submission' button.

Submissions can also be made in writing and sent by email to ludovic.beaumont@dublincity.ie or by post to: Ludovic Beaumont Dublin City Tree officer, Parks, Biodiversity and Landscape Services, Dublin City Council, Civic Offices, Wood Quay, Dublin 8. Written submissions must be made no later than 4.30p.m. on 4 December 2026 . Submissions and observations received no later than 4.30pm on 4 December 2026 will be taken into consideration by the Planning Authority before making its decision to confirm the tree preservation order.